Photo Credit: freestone wilson via Compfight
Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh.
Críost ionam, Críost fúm, Críost os mo chionn,
Críost ar mo láimh dheis, Críost ar mo láimh chlé,
Críost ar mo shuí, Críost ar mo luí, Críost ar m’éirí,
Críost i gcroí gach duine a smaoiníonn orm,
Críost i mbéal gach duine a labhrann liom,
Críost i ngach súil a fhéachann orm,
Críost i ngach cluas a éisteann liom.
Photo Credit: Lawrence OP via Compfight